Tabhair do d’aire go bhfuil go leor de liostaí na hArd-Chúirte a bhí beartaithe do Mháirt 11 Samhain 2025 curtha ar atráth mar gheall ar insealbhú an Uachtaráin.
Suífidh líon beag liostaí mar a bhí beartaithe. Tabharfar na socruithe do gach liosta cothrom le dáta ar an dialann dlí.
Beidh Breitheamh Ard-Chúirte ar fáil chun iarratais phráinneacha a éisteacht ar an lá sin. Má tá ceist den sórt sin agat, déan teagmháil leis na Ceithre Cúirteanna ag 01 888 6000 chun socruithe a dhéanamh le Cláraitheoir na hArd-Chúirte ar Dualgas.
Kim Duffy
Príomhchláraitheoir
6 Samhain 2025