Dé Luain, 23 Samhain 2026: Tá na Foirmeacha agus na Rialacha nua Dlí Teaghlaigh na Cúirte Cuarda i bhfeidhm ón lá inniu, 23 Samhain 2026.
Leis na foirmeacha nua, tugtar isteach cur chuige níos comhsheasmhaí agus níos caighdeánaithe maidir le hiarratais dlí teaghlaigh sa Chúirt Chuarda agus próisis chúirte atá ann cheana á gcoinneáil ar bun ag an am céanna.
De réir na Rialacha Cúirte nua, ní mór do gach iarratas ábhartha a chomhdaítear an lá inniu nó ina dhiaidh na foirmeacha nua a úsáid. Agus í ag labhairt faoi na foirmeacha nua sin, dheimhnigh Jennifer Clancy, Ceann an Athchóirithe Dlí Teaghlaigh, “D’oibríomar le hUachtarán na Cúirte Cuarda, leis an mBreitheamh Keenan Johnson, le Coiste Rialacha na Cúirte Cuarda, le Breithiúna, le cleachtóirí, le foireann na Seirbhíse Cúirteanna agus le heagraíochtaí abhcóideachta agus tacaíochta atá mar chuid d’Fhóram na Sochaí Sibhialta chun na foirmeacha nua sin a fhorbairt. Is í an aidhm atá againn na foirmeacha sin a dhéanamh inrochtana d’úsáideoirí, a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis atá de dhíth ar an gcúirt ag an gcúirt agus go bhfuil na foirmeacha oiriúnach do Thairseach na gCúirteanna. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a thug aiseolas agus a d’fhreastail ar na seimineáir ghréasáin a bhí againn le déanaí. Leanaimid orainn ag éisteacht leis an aiseolas agus ag obair le húsáideoirí ar an láthair.”
I measc na bhfoirmeacha agus na n-acmhainní nua atá ar fáil ar Courts.ie tá:
- Foirmeacha Nua Dlí Teaghlaigh na Cúirte Cuarda
- Rialacha Nuashonraithe na Cúirte Cuarda (I.R. Uimh 516/2026)
- Ceisteanna Coitianta
Tá leagan Microsoft Word de gach foirm nua forbartha againn. Cuirfidh na leaganacha seo níos mó solúbthachta ar fáil in ailt ina bhféadfadh sonraí breise a bheith ag teastáil, go háirithe laistigh de na foirmeacha Bille Shibhialta, na foirmeacha Cosanta agus Frithéilimh, agus an Mhionnscríbhinn Acmhainne.
Tugadh tairseach ar líne na Seirbhíse Cúirteanna cothrom le dáta freisin chun tacú leis na foirmeacha nua ón 23 Samhain 2026.
Tá cur chun feidhme na bhfoirmeacha nua mar chuid de Chlár Athchóirithe Dlí Teaghlaigh, ag tacú le córas ceartais teaghlaigh atá níos inrochtana, níos éifeachtúla agus níos dírithe ar an úsáideoir.
Má tá aon cheist/aiseolas agat déan teagmháil le familylawreform@courts.ie