Fógra Ard-Chúirte - Saoire Fhada 2026
Leis an bhfógra seo, cuirtear na socruithe seo a leanas in iúl do chleachtóirí agus d’úsáideoirí cúirte le linn na Saoire Fada 2026.
- Suíonna Práinneacha le linn na Saoire Fada - Cúirt 6 Ceithre Cúirteanna
Teagmháil - Highcourtvacation@courts.ie nó 01 886000
Beidh Breitheamh Ard-Chúirte ar fáil gach lá ar feadh na Saoire chun éisteacht le hiarratais phráinneacha amháin. Beidh gach suí os comhair an Bhreithimh saoire ar siúl ó Luan go hAoine i gCúirt 6 sna Ceithre Cúirteanna ar 11.00r.n. mura gcuireann Cláraitheoir Dualgas na hArd-Chúirte a mhalairt in iúl.
I gcás aon ábhar den sórt sin, seol ríomhphost chuig highcourtvacation@courts.ie nó cuir glaoch ar na Ceithre Cúirteanna ag 01-8886000 chun na socruithe riachtanacha a dhéanamh le Cláraitheoir Dualgas na hArd-Chúirte.
Cuir míniú maidir leis an bpráinn san áireamh i do ríomhphost.
NÍ liostófar iarratais ar ordú ó Uachtarán na hArd-Chúirte os comhair an Bhreithimh Saoire gan deimhniú roimh ré ó Chláraitheoir Dualgas na hArd-Chúirte go bhfuil an t-ábhar práinneach go leor.
- Suíonna Bannaí le linn na Saoire Fada - Cúirt 13 CCJ Sráid Gheata na Páirce
Teagmháil - Highcourtbail@courts.ie
Chomh maith leis an méid thuas, suífidh Liosta Bannaí na hArd-Chúirte i Sráid Gheata na Páirce sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla ar na dátaí seo a leanas le linn an tSaoire fhada.
- 4,5,6,11,12,13,18,19,20,25,26,27 Lúnasa 2026
- 1,2,3,4,8,9,10,11,15,16,17,18,22,23,24,25,29,30 Meán Fómhair 2026
- 1,2, Deireadh Fómhair 2026
- 4,5,6,11,12,13,18,19,20,25,26,27 Lúnasa 2026
- Suíonna Eiseachadta le linn na Saoire Fada - Cúirt 11 CCJ, Sráid Gheata na Páirce
Teagmháil - Extradition@courts.ie
Súifidh an Liosta Saoire Eiseachadta sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla ar na dátaí seo a leanas thar an tréimhse Saoire chun déileáil le hábhair Eiseachadta ÉIGEANDÁLACH amháin.
- 4, 6, 11, 13, 21, 25, 27 Lúnasa 2026
- 1, 3, 8, 10, 15, 17, 22, 24, 29 Meán Fómhair 2026
- 1 Deireadh Fómhair 2026
Le treoir ó Uachtarán na hArd-Chúirte, ní dhéanfaidh na suíonna seo ach iarratais PHRÁINNEACHA agus nithe a cuireadh ar atráth go sonrach go dtí an dáta seo a éascú ar ócáid roimhe seo chun, inter alia, teorainneacha ama reachtúla a éascú.
I gcás aon ní nár liostaíodh roimhe seo, déan teagmháil leis an mbosca poist Eiseachadta chun socruithe a dhéanamh leis an gCláraitheoir Eiseachadta ar Dualgas i gcás ina mbeadh liostú ag teastáil ar na dátaí thuas amháin. Ní liostófar iarratais roimh shuí saoire an liosta Eiseachadta gan deimhniú ón gCláraitheoir Eiseachadta ar Dualgas go bhfuil an t-ábhar práinneach go leor.
- 4, 6, 11, 13, 21, 25, 27 Lúnasa 2026
- Uaireanta Oscailte Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte
Fanfaidh an Phríomh-Oifig ar oscailt le haghaidh gnó mar is gnách le linn na Saoire Fhada. Déantar gnó sa Phríomh-Oifig trí choinne a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcóras coinne ar líne chun áirithintí a dhaingniú https://www.courts.ie/appointments. I gcás cúrsaí práinneacha, nuair nach féidir áirithint a dhéanamh ar líne, seol ríomhphost chuig dublincivillaw@courts.ie chun coinne a dhéanamh.
- Uaireanta Oscailte Seomra Liosta
Dúnfar an Seomra Liosta Dé hAoine 31 Iúil ag 4.40i.n. agus osclófar arís é Dé Luain 28 Meán Fómhair 2026 ag 10.00r.n. Cuir glaoch ar an bPríomh-Oifig le do thoil chun aon lóisteáil a dhéanamh le linn na tréimhse seo.
- Dialann Dlí
Foilseofar an Dialann Dlí ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (www.courts.ie) gach lá a bheidh an Phríomh-Oifig ar oscailt le linn na Saoire Fada.
Kim Duffy
Príomhchláraitheoir
Iúil 2026