D'eisigh an Ard-Chúirt Treoir Chleachtais HC 141, ag cur béime ar phríomhfhorálacha an Achta Idirghabhála 2017 agus ar cheanglais reachtúla ghaolmhara. Leagtar béim sa Treoir Chleachtais ar an tábhacht a bhaineann le hidirghabháil agus réiteach malartach díospóidí (ADR) agus meabhraítear do chleachtóirí agus do dhlíthithe na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin.
Moltar do chleachtóirí agus do dhlíthithe eolas a chur ar an Treoir Chleachtais agus a áirithiú go gcloítear go hiomlán leis na forálacha ábhartha chun iarmhairtí díobhálacha a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint.
Cliceáil ar an nasc thíos chun teacht ar an Treoir Chleachtais ina hiomláine:
Treoir Chleachtais a bhaineann leis an Acht Idirghabhála, 2017 agus le Forálacha Reachtúla eile a bhaineann le Hidirghabháil agus le Réiteach Malartach Díospóidí