Nótairí
Ordú 127 | Superior Court

Ordú 127: Nótairí [1]

1 Féadfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ag feidhmiú a rogha dó agus ó am go ham, cibé rialacha agus rialacháin a dhéanamh nó cibé treoracha cleachtais a thabhairt a mheasfaidh sé is cuí maidir leis an bhfoirm agus an modh iarratais chun duine a cheapadh ina nótaire poiblí.

2 Féadfaidh sé go gceanglófar leis na rialacha, na rialacháin nó na treoracha sin go sásóidh iarratasóir an Príomh-Bhreitheamh, sula gceapfar an t-iarratasóir, go bhfuil an t-eolas riachtanach agus cuí aige maidir le cleachtas agus nós imeachta nótaireachta.’’


[1] Ordú 127 curtha isteach le IR 265 de 1993, éifeachtach ón 9 Meán Fómhair 1993.