Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Ceanglas maidir le freastal ar chianéisteachtaí.
HC112 | High Court

Eisíonn Uachtarán na hArd-Chúirte leis seo an Treoir Chleachtais seo a leanas de réir alt.11(12) & (13) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha).

Ceanglas maidir le freastal ar chianéisteachtaí.

Mar is amhlaidh le héisteachtaí fisiceacha, ní mór gach cianéisteacht a stiúradh ar bhealach atá ag teacht le riaradh ceartais atá státúil agus eagraithe. Chun an ceanglas sin a chomhlíonadh, iarrtar ar pháirtithe, ar chleachtóirí agus ar rannpháirtithe beartaithe logáil isteach i gcian-seomraí cúirte ó áitreabh seasta atá, a mhéid is indéanta, saor ó thorann cúlra nó aon chur isteach eile gur féidir a sheachaint. Ní ghlacfar le rannpháirtíocht i gcian-imeachtaí ó mhótarfheithicil, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla ar fad.

Iarrtar ar gach rannpháirtí a chinntiú go bhfuil tástáil déanta acu ar chobhsaíocht a gceangal idirlín sula nglacfaidh siad páirt sa chianéisteacht.

Iarrtar ar chleachtóirí freisin éadaí gnó atá foirmiúil go cuí do shuíomh Cúirte a chaitheamh.

Is féidir le páirtithe teacht ar na doiciméid seo a leanas le haghaidh tuilleadh treorach agus cúnaimh, trí na hipearnaisc thíos nó trí https://www.courts.ie/video-and-remote-hearings

Treoir maidir le Seomra Cúirte Fíorúil do Chleachtóirí agus do Dlíthithe Tuata
Treoir Phraiticiúil maidir le héisteachtaí cianda sna Cúirteanna Uachtaracha

Arna dhátú an 3ú lá de mhí an Mhárta 2022
Sínithe:
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte

 

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*