Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Coinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine
HC32 | High Court

(Uimhir 20 de 2003)

1. Éilimh gur ndearnadh sárú.

I ngach éileamh maidir le díobháil, caillteanas nó damáiste ag eascairt as sárú Alt 3 (1) den Acht um Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine 2003 (Uimhir 20 de 2003), is é an ceannteideal a bheidh ar an Toghairm Iomlánach ná:

An Ard-Chúirt

Maidir le hAlt 3(1) den Acht um Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine 2003 Alt 3(1)

2. Dearbhú maidir le neamh-chomhoiriúnachas.

2.1 Má éiríonn aon cheist maidir le dearbhú neamh-chomhoiriúnachais a dhéanamh de réir chiall alt 1(1) den Acht um Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine 2003 (Uim. 20 de 2003) in aon imeachtaí, seirbheálfaidh an páirtí ar cúram leis na himeachtaí fógra ar an Ard-Aighne agus ar an gCoimisiún um Chearta an Duine gan mhoill.

2.2 Beidh léiriú achomair san fhógra seo ar chineál na n-imeachtaí as a n-eascraíonn an cheist agus áitiú nó áitithe ar leith pháirtí nó pháirtithe na n-imeachtaí.

2.3 Comhdófar cóip den fhógra seo gan mhoill i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte.

Joseph Finnegan
Uachtarán na hArd-Chúirte

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*