Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Cur Síos chun Gníomhartha Faillí Leighis a Thriail
HC58 | High Court

Treoir de bhun Ordú 36 Riail 2 (c) de Rialacha na nUaschúirteanna

Le héifeacht ón 20ú lá seo de mhí na Samhna 2012 déanfar imeachtaí i leith aon éileamh a dhéanfaidh duine, nó a dhéanfaidh ionadaí pearsanta nó cleithiúnaí ar dhuine marbh, ar dhamáistí i leith faillí, ar shárú dhualgas reachtúil nó ar shárú conartha a thiocfaidh chun cinn ó acht nó ó neamhghníomh ar bith lena mbaineann an méid seo a leanas -

  1. seirbhís sláinte (lena n-áirítear seirbhís fiaclóireachta ar bith) a sholáthar don duine sin,
  2. gnáthamh cliniciúil, leighis nó máinliachta (lena n-áirítear seirbhís fiaclóireachta ar bith) a dhéanamh i leith an duine sin,
  3. diagnóis, imscrúdú nó taighde cliniciúil nó leighis (lena n-áirítear diagnóis, imscrúdú nó taighde fiaclóireachta) a dhéanamh i leith an duine sin,
  4. comhairle agus eolas leighis (lena n-áirítear comhairle agus eolas fiaclóireachta ) a thabhairt don duine sin,
  5. cóireáil nó cúram cliniciúil nó leighis (lena n-áirítear cóireáil nó cúram fiaclóireachta) a thabhairt don duine sin, nó
  6. feiste nó ábhar a ionphlandú sa duine sin ar chúinsí leighis nó ar chúinsí cosmaideacha nó locht ar fheiste nó ábhar atá ionphlandaithe sa duine sin

a chur síos i gcomhair triail i mBaile Átha Cliath.

De bhun Ordú 36 Riail 2 (f) ordaím an treoir seo a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna.

 

Arna dhátú an 20ú lá seo de mhí na Samhna, 2012
Nicholas J Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte 

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*