Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Iarratais ar bhreithiúnas le toiliú
HC47 | High Court

Fógra agus Treoir Chleachtais

  1. De bhun fho-alt (1) d’alt 25 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995, ordaím leis seo go bhféadfaidh an Máistir na cineálacha iarratais seo a leanas a éisteacht:
  1. (a) iarratais ar bhreithiúnas le toiliú le haghaidh méid leachtaithe seachas in imeachtaí ina n-éilítear damáistí thar ceann naín;
  2. iarratais ar bhreithiúnas le toiliú chun talamh a aisghabháil, le cíos nó foghailbhrabúis nó gan iad;
  3. iarratais ar bhreithiúnas le toiliú chun earraí sonracha a sheachadadh.
  1. Beidh éifeacht ag an treoir seo ón 3ú lá de Nollaig 2007.

Arna dhátú an 30ú lá seo de Shamhain, 2007
Uachtarán na hArd-Chúirte

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*