Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Iarratais trí Fhógra Tairisceana
SC06 | Supreme Court

Le héifeacht ón uair a thosóidh an Téarma Michaelmas 2005 beidh feidhm ag an méid seo a leanas ar iarratais chun na Cúirte Uachtaraí trí fhógra tairisceana:-

  1. Tíolacfar an fógra tairisceana in oifig na Cúirte Uachtaraí le comhdú sula seirbheálfar é. Dá réir sin, ní bheidh gá a thuilleadh le cóip den tairiscint arna formhuiniú le sonraí seirbheála a chur ar fáil san oifig.
     
  2. Ag an am ina ndéantar comhdú ar an tairiscint, taiscfear trí leabhrán tairisceana ina mbeidh cóipeanna de na doiciméid go léir a bheidh ag teastáil don éisteacht tairisceana mar aon le hinnéacs iomlán.
     
  3. Tá sé de fhreagracht fós ar an bpáirtí tionscanta fianaise ar sheirbheáil don Chúirt a sholáthar ag éisteacht na tairisceana má tá gá leis.

John L. Murray
Príomh-Bhreitheamh
27 Meán Fómhair 2005

Nóta:

Is é aidhm an athraithe seo ná chun líon na leabhrán tairisceana atá le taisceadh a laghdú ó chúig cinn go trí chinn agus chun cleachtas oifigí na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Cúirte maidir le comhdú fógraí tairisceana agus fianaise ar sheirbheáil a thabhairt chun comhréireachta.

An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*