Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Leabhair Pléadálacha
HC53 | High Court

Nuair a shanntar aon chaingean a leagtar síos le triail san Ard-Chúirt do bhreitheamh lena éisteacht, ceanglaítear ar an bpáirtí a leag an cás síos le haghaidh trialach cóip dheimhnithe den Leabhar Pléadálacha a thaisceadh leis an gcláraitheoir don bhreitheamh sin ar dháta na trialach lena tarchur chuig breitheamh na trialach.

Ba chóir go n-áireofaí sa leabhar cóip den Fhógra Trialach, an duillín á chur síos, na pléadálacha go léir a mhalartaítear idir na páirtithe, aon orduithe iomchuí, fógraí le haghaidh sonraí agus freagraí air agus é a uimhriú agus a innéacsú.

Níor cheart Fógra faoi Thaisceadh nó Fógra faoi Fhorthairiscint nó aon tagairt dó a chur san áireamh.

 

Arna dhátú an 11ú lá de Mheitheamh 2010
Nicholas Kearns
Uachtarán na hArd-Chúirte 

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*