Liostáil cásanna - Baile Átha Cliath
CC01 | Circuit Court
Go dtí go dtugtar Córas cuimsitheach um Rianú Cás Coiriúil isteach, tá córas eatramhach curtha ar fáil chun cásanna a liostáil don Chúirt (Choiriúil) Chuarda.
Dá réir sin, amhail ar thús Théarma na Féile Michíl 2002 agus ón lá sin, déanfaidh oifig na cúirte cásanna a liostú (rud a rinne Oifig an Phríomh-Aturnae Ionchúisimh roimhe seo).
D'fhonn an córas nua a éascú, agus an tseirbhís is fearr a chur ar fáil, teastóidh fógra réasúnach ó oifig na cúirte (ar a laghad cúig lá) i gcás gach iarratas atá beartaithe le cur isteach (ach amháin cásanna práinneacha mar bharántais bhinse).
Beifear buíoch as do chomhoibriú leanúnach.
Susan Ryan
Cláraitheoir Contae
16 Meán Fómhair 2002