Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Liosta Dócmhainneachta Pearsanta
HC82 | High Court

  1. D'ainneoin fhorálacha Ordú 76A Riail 17 de Rialacha na nUaschúirteanna (lena bhforáiltear inter alia go ndéanfar iarratas ar ordú le deimhniú cosanta a shíneadh a thabhairt le fógra tairisceana), in imthosca ina gceadaíonn Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann ordú den chineál sin a dhéanamh, féadfar iarratais den sórt sin a dhéanamh ex parte don Chúirt.
     
  2. Seachas i leith iarratas ar Dheimhniú Cosanta a eisiúint nó i leith iarratas faoi mhír 1 thuas, tá ceangal le gach iarratas sa Liosta Dócmhainneachta Pearsanta go ndéanfar na páipéir riachtanacha go léir i dtaca leis an iarratas a thaisceadh i bhfoirm cheangailte, innéacsaithe agus uimhrithe leis an bPríomh-Oifig marcáilte “Liosta Dócmhainneachta Pearsanta” tráth nach déanaí ná 4.30pm ar an gCéadaoin roimhe sin. I gcásanna achomharc ón gCúirt Chuarda, tá an t-Achomharcóir freagrach as na páipéir a thaisceadh. I ngach cás, mura n-ordaítear a mhalairt, tá Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta freagrach as é a dhéanamh.
     
  3. Tá ar chleachtóirí iad féin a shainaithint ag glaoch gach cáis ar an liosta agus a dheimhniú cé thar a gceann a bhfuil siad ag feidhmiú.

Tiocfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm ar an 14 Eanáir 2019

Arna dhátú an 11 Eanáir 2019
Peter Kelly
Uachtarán na hArd-Chúirte

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*