Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Orduithe toilithe
HC89 | High Court

Orduithe toilithe

Le linn éigeandáil Covid 19 déanfar orduithe toilithe san Ard-Chúirt gan é a bheith riachtanach do na páirtithe a bheith i láthair sa chúirt.

Déanfar orduithe den sórt sin de bhun ríomhphost a fhoilseánfaidh toiliú na bpáirtithe go léir sa dlíthíocht. Beidh éifeacht ag na horduithe ón dáta a gheofar an ríomhphost ina bhfuil an toiliú agus cuirfear an ríomhphost agus cóip den toiliú ar an gcomhad cúirte.

Beidh feidhm ag an nós imeachta seo i ngach liosta sibhialta san Ard-Chúirt ach tá sé ríthábhachtach go mbeadh toiliú gach páirtí sa dlíthíocht san áireamh sa ríomhphost a lorgaíonn an t-ordú toilithe.

__________________
Peter Kelly,
Uachtarán na hArd-Chúirte

Arna dhátú an 23 Márta, 2020
Ba chóir ríomhphoist a sheoladh chuig [email protected] agus an uimhir thaifid agus an Liosta ábhartha sa líne ábhair.

_____________________________________________________________________________________________________________________________

Tá an Treoir Cleachtais seo cúlghairthe ag HC 108 ó Dé Luain an 19 Iúil 2021.

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*