Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

An Príomh-Bhreitheamh do cheapa nótairí poiblí
SC12 | Supreme Court

De bhun na gcumhachtaí a dhílsítear dom le hOrdú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna (Uimhir 2 de 1993) leis seo déanaim an treoir agus an rialachán seo a leanas maidir le ceapachán Nótairí Poiblí:

  1. In iarratas chun Nótaire Poiblí a cheapadh, tabharfaidh an t-Achainíoch gealltanas cuí go n-urramóidh sé an Cód Iompair do Nótairí Poiblí arna ghlacadh ag Dámh na Nótairí Poiblí in Éirinn ar an 21 Samhain, 1986 chomh maith leis na rialacha, na rialacháin agus na fodhlíthe lena rialaítear cleachtas gairmiúil agus nós imeachta na Nótairí Poiblí in Éirinn agus na caighdeáin a bheidh le hurramú acu mar a dhéanfaidh agus a fhoilseoidh an Dámh Nótairí Poiblí in Éirinn ó am go ham.
     
  2. Gabhfaidh éifeacht leis an treoir seo ar an agus ón 2 Deireadh Fómhair 2006.

John L. Murray
PRÍOMH-BHREITHEAMH
20 Meán Fómhair 2006

An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*