Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Cistí cúirte - cistí mionaosach a lóisteáil
HC19 | High Court

Airgead a bhíonn dlite ar mhionaosach ghearánaithe

Meabhraítear d'aturnaetha go bhfuil sé de dhualgas orthu a chinntiú nach dtabhóidh mionaosach aon chaillteanas tríd aon mhoill mhíréasúnta ó thaobh déileáil le horduithe na cúirte maidir le lóisteáil airgid naíonán sa chúirt.

Chomh luath agus a bhíonn an tordú cúirte cuí tugtha chun foirfe ba chóir don aturnae lena mbaineann é sin a léiriú agus cóip fhianaithe de sceideal an ordaithe a thabhairt don chuntasóir ionas nach mbeidh aon mhoill mhíréasúnach i gceist ó thaobh treoracha na cúirte a chomhlíonadh.

Tuigtear sa chás nach mbíonn míniú sásúil ar mhoill den sórt sin go mb'fhéidir go mbeadh ar an gcúirt breithniú go mbeadh ar an duine a bheadh freagrach caillteanas an mhionaosaigh a aisíoc leis/léi. Go hiondúil, meastar moill breis is seacht seachtaine ó fhoirfiú an orduithe mar mhoill mhíréasúnta.

Má shocraítear cás mionaosaigh idir aturnaetha agus é faoi réir cheadú na cúirte, agus go dteipeann ar aturnae an mhionaosach ghearánaí iarratas a dhéanamh ar cheadú den sórt sin laistigh de thréimhse trí mhí ó dháta socraithe den sórt sin, beidh sé de cheart ag aturnae an chosantóra ansin an cás a liostáil le lua sa chúirt chuí. Arís, d'uireasa míniú sásúil b'fhéidir go mbeadh ar an gcúirt breithniú go mbeadh ar an duine a bheadh freagrach caillteanas an mhionaosaigh a aisíoc leis/léi.

 

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*