Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Mionnscríbhinní Liachleachtóirí a thacaíonn le hAchainí
HC95 | High Court

Treoir Chleachtais
Coimircí Cúirte

Leis seo eisím, Mary Irvine, Uachtarán na hArd-Chúirte, an treoir chleachtais seo a leanas de réir alt 11 (12) den Acht um an Dlí Sibhialta agus an Dlí Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 2020. Tiocfaidh an treoir chleachtais seo, a bhaineann le hábhar mionnscríbhinní liachta / tuarascálacha liachta maidir le hImeachtaí Coimircíochta, i bhfeidhm ar an 5 Deireadh Fómhair, 2020.

Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a chur san áireamh i mionnscríbhinn agus/nó i dtuarascáil liachta lia-chleachtóir cláraithe ar bith a mbeifear ag brath ar a fhianaise chun tacú le hachainí arna tíolacadh faoin Lunacy Regulation (Ireland) Act 1871.

  1. An dáta, an áit, an ré agus na himthosca ina ndearnadh an scrúdú liachta. (Ba cheart an scrúdú a bheith déanta laistigh de thrí mhí ó thíolacadh na hachainí).
  2. Cineál agus ré aon réamhchaidrimh a bhí ann idir an lia-chleachtóir agus an freagróir.
  3. An cineál scrúdaithe a rinneadh agus sonraí maidir leis na huirlisí tástála agus/nó acmhainne a úsáideadh chun a chinneadh más duine mímheabhrach é/í an freagróir agus má tá sé/sí éagumasach chun a g(h)nóthaí a bhainistiú.
  4. Más duine mímheabhrach é/í an freagróir agus má tá sé/sí éagúmasach chun a g(h)nóthaí a bhainistiú, i dtuairim an lia-chleachtóra cláraithe.
  5. I gcás ina measann an lia-chleachtóir gur duine mímheabhrach é/í an freagróir agus go bhfuil sé/sí éagúmasach chun a g(h)nóthaí a bhainistiú i.e. nach bhfuil sé d'acmhainn aige/aici, ní mór don lia-chleachtóir an méid seo a leanas a lua:
  1. an cineál tinnis/reachta atá ar an bhfreagróir;
  2. na dátaí is dócha gur thosaigh an tinneas/an riocht;
  3. na siomptóim a bhaineann leis an tinneas/an riocht;
  4. an fhianaise a rabhthas ag brath uirthi chun an diagnóis a dhéanamh; agus
  5. más tinneas/riocht buan é nó an dócha go dtiocfaidh feabhas air.
  1. I gcás ina n-ullmhaítear tuarascáil liachta ina bhfuil an fhaisnéis seo thuas, ní gá go ndéanfar le haon mhionnscríbhinn fhíoraithe arna mionnú ag an lia-chleachtóir ach ábhar na tuarascála liachta a dheimhniú. Ní gá don lia-chleachtóir an fhaisnéis atá ina mionnscríbhinn a leagan amach seriatim ina dtuarascáil.
  2. Ní mór go ndéanfar aon mhionnscríbhinn liachta den sórt sin a mhionnú laistigh de mhí amháin ón dáta a rinneadh an scrúdú liachta agus ní mór don ghiúrád cloí le I.R. 95 de 2009.

Fanfaidh an Treoir Chleachtais seo i bhfeidhm go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

__________
Mary Irvine
Uachtarán na hArd-Chúirte
Dáta: 2 Meán Fómhair, 2020

High Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*