Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Nós Imeachta Réamhthrialach - Cuaird Lár Tíre
CC13 | Circuit Court

An Chúirt Chuarda Choiriúil
Cuaird Lár Tíre

 

  1. D'fhonn moilleanna neamhriachtanacha in imeachtaí coiriúla a sheachaint, d'fhonn cásanna ina bhféadfar pléadálacha a thaifeadadh roimh dháta na trialach a shainaithint agus d'fhonn tús a chur le trialacha in imeachtaí coiriúla sa Chúirt Chuarda ag an am agus ar an dáta a cheapfar, tabharfar an cleachtas dá dtagraítear sa Treoir seo isteach ar bhonn píolótach i leith na gcásanna go léir atá liostaithe i gcomhair trialach sa chuaird seo ón gcéad lá d'Eanáir 2013.
  2. Beidh ceistneoir réamhthrialach (“ceistneoir”) á chomhlánú agus á shíniú –
    1. ag an abhcóide agus ag an aturnae don Ionchúiseamh i bhFoirm 1 atá iarcheangailte leis an Treoir seo,
    2. ag an abhcóide agus an aturnae don chúisí i bhFoirm 2 iarcheangailte leis an Treoir seo,
  3. Seolfar na ceistneoirí comhlánaithe ar ais chuig Oifig na Cúirte Cuarda don chontae ina bhfuil na himeachtaí liostaithe le haghaidh trialach agus seirbheálfar cóip ar an taobh eile tráth nach déanaí ná mí amháin roimh an dáta atá socraithe don triail.
  4. Beidh an t-aturnae agus an t-abhcóide don ionchúiseamh agus don chosaint faoi oibleagáid dul i gcomhairle lena gcliaint faoi seach agus na treoracha riachtanacha a fháil uathu chun críocha an cheistneora lena mbaineann a chomhlánú.
  5. Déanfar éifeachtacht na gcleachtas thuasluaite a athbhreithniú tar éis an 31ú lá de Nollaig 2013, i gcomhairle le hionadaithe cleachtóirí, leis an Aturnae Stáit agus le hOifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Arna dhátú an 6ú lá seo de mhí na Samhna 2012

Anthony G. Hunt
Breitheamh na Cúirte Cuarda
don Chuaird thuasluaite

Foirm 1  
Foirm 2 

Circuit Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*