Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Tuarascáil Dlí Teaghlaigh Dúiche Uimh. 2
DC27 | District Court

Ordaímse, Sandra Murphy, an Breitheamh den Chúirt Dúiche i nDúiche Cúirte Uimh. 2, atá sannta go cuí, leis seo trí Threoir Chleachtais fhoirmiúil maidir leis an gCúirt Dúiche Teaghlaigh i nDúiche Uimhir 2.

I gcás go n-ordófar tuarascálacha a thabhairt don Chúirt nó go n-iarrfaidh an Chúirt iad nó go gcomhaontófar ar shlí eile iad a sholáthar don Chúirt, déanfar na tuarascálacha sin, mura rud é gur iarratas éigeandála an t-iarratas, a chur ar fáil don Chúirt i leagan leictreonach i bhformáid PDF agus trí chóip i gcruachóip seacht lá ar a laghad roimh dháta na héisteachta.

Tá sé seo i bhfeidhm ón 2 Eanáir 2025

 

Arna dhátú an 2ú lá seo d’Eanáir 2025.
An Breitheamh Sandra Murphy
Breitheamh den Chúirt Dúiche atá sannta do Dhúiche Uimh. 2

District Court
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*