Conas éileamh ar dhíobhálacha pearsanta a dhéanamh

Sula ndéanann tú d'éileamh chun na cúirte

Ba cheart duit seiceáil an gá d'éileamh a dhéanamh tríd an mBord um Réiteach Díobhálacha Pearsanta (IRB). Mura féidir d'éileamh a réiteach tríd an mBord um Réiteach Díobhálacha Pearsanta, beidh a n-údarú ag teastáil uait chun éileamh a dhéanamh ar an gcúirt.

Má ghortaítear duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois nó má ghortaítear duine go marfach, beidh ar 'neaschara' an t-iarratas a dhéanamh ar a son.

De ghnáth is tuismitheoir nó caomhnóir é 'neaschara', ach d'fhéadfadh sé a bheith ina dhuine fásta inniúil go dlíthiúil. Ní féidir leo coinbhleacht leasa a bheith acu leis an duine a bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta air.

Is féidir le cásanna díobhálacha pearsanta a bheith casta. Ba cheart duit smaoineamh ar chomhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na roghanna atá ar fáil duit.

Cá háit a ndéanfaidh tú d'éileamh ar dhíobhálacha pearsanta

Féadtar éileamh ar dhíobhálacha pearsanta a dhéanamh sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt. Braitheann dlínse na cúirte ina ndéanfar d'éileamh de ghnáth ar an méid airgid atá á éileamh:

D'fhéadfadh costais bhreise dlí a bheith ag baint le hiarratais a dhéantar sa dlínse mhícheart. Tá táillí cúirte ann, ar a dtugtar dleacht stampa freisin, a bhaineann le cásanna dlí shibhialta.

Leagtar amach sna treoirlínte maidir le díobhálacha pearsanta an méid airgid is féidir a dhámhachtain le haghaidh réimse díobhálacha pearsanta. Ní mór do bhreithiúna na treoirlínte seo a mheas agus cinneadh á dhéanamh acu ar an méid atá le dámhachtain.

Tá an t-eolas go léir a chuirtear ar fáil le haghaidh treorach amháin. Sula ndéanfaidh tú cinneadh maidir le conas dul ar aghaidh, b'fhéidir gur mhaith leat rialacha na Cúirte Dúiche, rialacha na Cúirte Cuarda agus rialacha na hArd-Chúirte a sheiceáil.

Ba cheart duit an reachtaíocht ábhartha a sheiceáil freisin chun a chinntiú go bhfuil do thuiscint ar an bpróiseas ceart.

Ábhar gaolmhar