Má fuair tú toghairm díobhálacha pearsanta, ciallaíonn sé go ndearna duine éileamh i do choinne sa chúirt.
Beidh ort an toghairm díobhálacha pearsanta agus aon doiciméid eile a fuair tú a léamh chun an t-éileamh a rinneadh i do choinne a thuiscint.
Sula bhfreagraíonn tú d'éileamh ar dhíobhálacha pearsanta, ba cheart duit smaoineamh ar comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do roghanna. Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal cúnamh dlíthiúil saor in aisce.
Má dhéanann tú neamhaird den toghairm díobhálacha pearsanta, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh i do choinne, gan do pháirt a ghlacadh in éisteacht na cúirte.
Ag freagairt do thoghairm díobhála pearsanta
Má tá toghairm seirbheáilte ort, tá sé tábhachtach an tráthchlár agus na céimeanna is gá chun freagra a thabhairt a thuiscint.
Beidh ort a admháil go bhfuair tú an toghairm. Déantar é seo trí dhoiciméad ar a dtugtar foirm iontrála láithris a líonadh isteach. Caithfear é seo a chur faoi bhráid oifig na cúirte agus a sheoladh chuig an duine a rinne an t-éileamh i do choinne.
Más mian leat an cás a rinneadh i do choinne a chosaint (argóint dlí a dhéanamh ina choinne), beidh ort foirm chosanta a chomhlánú. Ní mór duit cóip a sheoladh chuig an duine a rinne an t-éileamh i do choinne. Má tá bunús dlí agat chun éileamh a dhéanamh i gcoinne an taobh eile, is féidir leat é seo a chur isteach mar fhrithéileamh.
Sa Chúirt Dúiche
Tugtar an freagróir ort sa Chúirt Dúiche. Tugtar an t-éilitheoir ar an duine nó ar an eagraíocht a dhéanann an t-éileamh i do choinne.
Tá ocht lá is fiche agat féin nó ag d'aturnae chun freagra a thabhairt ar an éileamh. Le linn na tréimhse seo, ní mór duit:
- Foirm Láithreas agus cosaint díobhálacha pearsanta Uimh. 40A.02 a chur faoi bhráid oifig na cúirte
- Seol cóip den láithreas agus den fhoirm chosanta chuig an éilitheoir nó chuig a n-aturnae
Más mian leat frithéileamh ar dhíobhálacha pearsanta Uimh. 40A.03 a dhéanamh, ní mór é a chur san áireamh le do chosaint.
Sa Chúirt Chuarda
Tugtar an cosantóir ort sa Chúirt Chuarda. Tugtar an gearánaí ar an duine nó ar an eagraíocht a dhéanann an t-éileamh i do choinne.
Má tá tú lonnaithe in Éirinn, tá deich lá agat chun freagra a thabhairt ar an éileamh trí:
- Foirm Iontrála Láithris (Foirm 5) a chur faoi bhráid oifig na cúirte
- Cóip den láithreas a sheoladh chuig an éilitheoir nó chuig a n-aturnae
Tar éis duit an fhoirm láithris a chur isteach, tá sé seachtaine eile agat chun do chosaint díobhálacha pearsanta Cúirte Cuarda a chur ar fáil duit, agus ní mór an chosaint sin a sheoladh chuig an éilitheoir nó chuig a n-aturnae.
Más mian leat frithéileamh ar dhíobhálacha pearsanta Cúirte Cuarda a dhéanamh, ní mór é a chur san áireamh le do chosaint.
Má tá tú lonnaithe lasmuigh d'Éirinn ach laistigh den AE, tá tríocha cúig lá agat chun láithreas a chomhdú. Ina dhiaidh sin, tá ocht lá is fiche breise agat chun do chosaint a chur isteach.
San Ard-Chúirt
Tugtar an cosantóir ort san Ard-Chúirt. Tugtar an gearánaí ar an duine nó ar an eagraíocht a dhéanann an t-éileamh i do choinne.
Má tá tú lonnaithe in Éirinn, tá ocht lá agat chun freagra a thabhairt ar an éileamh trí:
- Foirm láithris Ard-Chúirte a chur faoi bhráid oifig na cúirte
- Cóip den láithreas a sheoladh chuig an éilitheoir nó chuig a n-aturnae
Tar éis duit an fhoirm láithris a chur isteach, tá sé seachtaine eile agat chun do chosaint díobhálacha pearsanta Ard-Chúirte, a chur ar fáil duit, agus ní mór an chosaint sin a sheoladh chuig an éilitheoir nó chuig a n-aturnae.
Más mian leat frithéileamh ar dhíobhálacha pearsanta Ard-Chúirte, ní mór é a chur san áireamh le do chosaint
Má tá tú lonnaithe lasmuigh d'Éirinn ach laistigh den AE, tá tríocha cúig lá agat chun láithreas a chomhdú. Ina dhiaidh sin, tá ocht lá is fiche breise agat chun do chosaint a chur isteach. Má tá tú lonnaithe lasmuigh den AE, tá dhá lá is daichead agat chun láithreas a chomhdú.