Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar

Síneadh ama chun Achomharc a dhéanamh
CA05 | Court of Appeal

ACHOMHAIRC SIBHIALTA

  1. Déileálann an treoir chleachtais seo le páirtithe a theipeann orthu fógraí achomhairc a eisiúint agus/nó a sheirbheáil laistigh de na hamanna a fhordaítear le Rialacha na nUaschúirteanna) (An tAcht um an gCúirt Achomhairc 2014) 2014 Ionstraim Reachtúil Uimh. 485/2014. Tá feidhm aige maidir le hachomhairc bhrostaithe agus gnáthachomhairc araon.
  2. Ní bheidh gá le hiarratas a dhéanamh chun na cúirte le síneadh ama a fháil chun achomharc a dhéanamh nó chun fógra achomhairc déanach a sheirbheáil má gheofar litir toilithe ar chúrsa den sórt sin ón bhfreagróir nó ón bhfreagróir beartaithe sna hachomhairc sin.
  3. Tá cumhacht ag an gCláraitheoir fógra achomhairc déanach a eisiúint nó a mheas gur fógra achomhairc maith atá ann má gcuirtear litir ón bhfreagróir nó ó dhlíodóirí an fhreagróra lena dtoilltear an méid seo ar fáil don gCláraitheoir.

Sean Ryan
Uachtarán
5 Feabhra 2015

Court of Appeal
An raibh an leathanach seo cabhrach?

Níl an fhoirm seo ach le haghaidh aiseolais a bhaineann leis an leathanach reatha.
Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh. Déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach chun feabhas a chur ar chúirteanna.ie agus ní thabharfar freagra ar leithligh uirthi.

An bhfuair tú an rud a bhí á lorg agat ar an leathanach seo?*